fleadh_banners_0130.jpg

The Fleadh Down In Ennis

Fleadh Nua 2023 Programme

Cas Amhrán

Cois na hAbhna - Wed 27th May 7pm

Ag breathnú siar ar laethanta aeracha na h-óige is beag duine nach féidir véarsa no dhó des na dánta agus des na hamhráin a d’fhoghlaim siad ar scoil a thabhairt chun cuimhne. Cruthaíonn an cumha a chuireann amhráin cosúil le ‘Trasna na dTonnta’ agus ‘Beidh Aonach Amárach’ agus dánta cosúil le ‘Mise Raifteirí’ ar dhaoine go raibh tionchar níos mó ag an nGaeilge orthu ná mar a shíleann siad, b’fhéidir. Is cúis mhór ríméid dúinn go bhfuil an turas meidhreach seo ar bhóithrín na smaointe tógtha ar láimh ag Emer Ní Fhlatharta, agus í ina hamhránaí, ceoltóir agus tionlacaí den scoth.  

 

 

facebook        twitter